Fiafraíodh díom cén pholaitíocht a bhí ag an scríbhneoir cumasach Máirtín Ó Cadhain? Tá daoine ann a déarfadh nach raibh polaitíocht ar bith aige ach polaitíocht na Gaeilge.
Tá beagán beag den fhírinne ansin. Dúirt sé féin sa mbliain 1960 gurbh í “an Ghaeilge an t-aon gheis a mhothaím orm féin mar Éireannach leis na blianta.” Ach ní shin le rá nach raibh aon pholaitíocht eile aige.
Ba bhreá le cuid de na léirmheastóirí coimeádacha a bhíonn ag scríobh faoina shaothar liteartha a thabhairt le tuiscint gur saothar neamhpholaitiúil é. Rinneadh iarracht an rud céanna a chur i leith Phádraic Uí Chonaire. Dúirt acadóir cáiliúil amháin nach raibh polaitíocht ar bith aigesean.
A mhalairt ar fad a bhí fíor. Sóisialach go smior ba ea Pádraic.
Is féidir an rud céanna a rá faoi Mháirtín Ó Cadhain. Bhí meas aige ar an teagasc a thug Karl Marx dhúinn.
Dúirt sé uair gur “i gcomhthionól fuinniúil fuinte” a tógadh é agus go raibh an t-aicmeachas ina dhlúthchuid den chomhthonól sin. Bhí cogadh na n-aicmí á chur ann.
Seo mar a mhínigh sé é:
“Bhí an smaoineamh seo téaltaithe i m’intinn sul ar fhág mé an Ghaeltacht ná ar chuala mé caint ar Mharx ná ar an gConaolach ariamh …Mar thar áit ar bith in Éirinn bhí an t-idirdhealú aicmeach, an class distinction, suntasach sa nGaeltacht…Bhí an fuath aicmeach seo gríosta ionam i bhfad sul ar léigh mé an chéad fhocal den Chonaolach ná de Das Kapital. Agus nuair a léigh thuig mé ar an bpointe céard é…”
Luath go maith ina shaol a léigh sé saothar Mharx, Engels, Lenin agus Rosa Luxembourg.
“Mé féin an t-aon duine a casadh orm de chomhchumannach ná eile a léigh An Caipiteal le Karl Marx ó thús go deireadh ,” a dúirt sé.
Mhol sé Clár Cumannach Mharx agus Engels. “Dóchas, ardú meanma agus …feabhsú saoil do na milliúin ó shin é,” a dúirt sé.
Ní chruthaíonn sé seo ar fad gur Cumannach amach is amach a bhí ann. Fear a bhí ann a théadh chuig an Aifreann agus d’fhéadfadh sé go gcuireadh teagasc na hEaglaise Caitlicigh faoin gCumannachas beagán imní air.
Féach mar sin féin go ndearna sé an chaint seo:
“Is Marxach mise. Ní fhágann sin nach sórt Críostaí mé …ní miste dhom a rá go dtugaim buíochas do Dhia go raibh Karl Marx ann.”
B’fhearr leis nach mbeadh Cumannaigh ag ionsaí an chreideamh Caitliceach. Ar seisean:
“Maidir le fealsúnacht na gcomhchumannach agus an séana atá ann ar an gCreideamh Críostaí … Ní léar dhom gur cuid riachtanach den chomhchumannachas é sin.”
Bhí sé lánchinnte ina intinn faoi rud amháín ar chuma ar bith agus ba é sin “gur comhchumannachas, is é sin státa ollcheannasach, is cinniúint dúinne chomh maith le chuile dhream eile.”
Tá a fhios agam féin gur thug Máirtín Cumannach air féin uair amháin eile ar a laghad. Nuair a bhí feachtas toghcháin Pheadair Mhic an Iomaire ar bun againn i 1969 bhí Máirtín ar dhuine de na daoine céimiúla a tháinig chugainn as Báile Átha Cliath le lámh chúnta a thabhairt dhúinn.
Oíche Shathairn amháin a raibh réiteach á dhéanamh le cainteoirí a chur amach lá arna mháireach d’fhógair Máirtín go ndéarfadh sé ag na séipéil gur Cumannach a bhí ann féin.
Ag déanamh grinn a bhí sé. Fear mór diabhlaíochta a bhí ann. Bhain sé craitheadh an oíche sin as na daoine ba choimeádaí sa bhfeachtas toghcháin agus ar ndóigh sin a bhí uaidh.
Más Sóisialach a bhi i Máirtín ba Phoblachtach é freisin. Cén chaoi a bhféadfadh duine a bheith ina Shóisialach gan a bheith ina Phoblachtach arsa tusa? Poblachtach i bhfíorchiall an fhocail atá i gceist agam.
Poblacht Wolfe Tone a bhí uaidh.
Bhí omós i gcónaí aige do na Protastúin. Níor cheap sé go raibh ciall ar bith le bheith ag marú na bProtastún ó thuaidh.
Ghoill an scoilt i nGluaiseacht na Poblachta i 1969 air. Ba é a mhian go bhfaighfí leigheas ar an scoilt sin.
Ghlac sé le cóip den pháipéar Sealadach ó chara a thug cuairt air in ospidéal tar éis na scoilte: bhí cóip den pháipéar Oifigiúil ar a bhord cheana.
Dúirt Aindrias Ó Cathasaigh ina leabhar “Ag Samhlú Troda” an méid seo; “Má chaitear Máirtín a áireamh ar thaobh amháin ba leis na hOifigiúlaigh é. Is cinnte gur beag fulaingt a bhí aige ar thraidisiúnachas na Sealadach. Ach ar bhealaí, bhí a sheasamh féin ag teacht salach ar an seasamh Oifigiúil.
“Dar leis an nGluaiseacht Oifigiúil nár cheart cogadh míleata a fhearadh ar Shasana, ná Éire aontaithe a éileamh, ach Caitlicigh agus Protastúin cearta sibhialta a fháil taobh istigh de stát na sé chondae….bhí Ó Cadhain sásta cogadh a chur ar Shasana uair ar bith arbh fhéidir.” Déarfainn gur breithiúnas sách cruinn é sin. Bheadh sé an-deacair branda amháin a bhualadh ar fhear chomh tréitheach, ildánach le Máirtín Mór Ó Cadhain.